Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Dá bhfeiceadh bean go raibh a leanbhaí breoidhte capall bán ag teacht ar an mbóthar raghadh sé i n-a gcoinnibh leigeasfaí na leanbhaí. 2. Dá mbeadh bean ag dul go dtí an tobar agus an leanbh bheith sa chliabhán is gan aoinne istigh chun aire thabhairt do nú di. Chuirfeadh sí an tlúth os cionn an chliabháin chun ná béarfadh na púcaí an leanbh leo. 3. Fear a bheadh ag dul amach go luath ar maidin is dá mbuailfeadh bean leis an mbóthar, casfadh sé abhaile arís le heagla go mbeadh an droch rath air. 4. Bhí sé de nós ag na mnáibh fadó éirghe timcheall a trí a chlog ar maidin roimh breacadh an lae agus dul go claidhe na teorann idir dá fheirm. Thugaidís lainncis na mbó leo agus chuiridís an lainncis isteach i bpoll fe'n gclaidhe agus le draoidheacht éigin mheallaidís an t-ím(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Mhic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí