Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 034
- XML “Paidir a Deirtear Oíche Dé Sathairn”
- XML “Paidir i gcomhair an Lae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Míle fáilte romhat-sa a Dhomhnaigh Bheannuighte a thagann lá agus oidhche chun Críost a teagasc dúinn. Corruigh do chos go moch chun Aifrinn. Corruigh do lámh ar an slabhradh beannuighthe. Corruig do bhéal ar na bréithre beannuighthe. Féách suas ar Rígh na Carthanacht, ós 'sé do shíl agus do cheannuigh sinn, ós 'sé go bé a ghlacfaidh sinn.
- Paidir i gcóir an lae.Beirim suas do Dhia gach a ndeinimíd indiú. Iarraimíd a bheannacht dúinn féin agus d'ár saothar. Ó a Dhia mhór an Uile Chomhacht, impighim suas mo chorp agus m'anam, mo smaointe, mo labhartha agus mo ghníomhartha agus gach nidh dá bhfuil iachall orm a dhéanamh i rith an lae seo, a onóir agus a gcompáirtíocht le n-ár Slánuightheoir Íosa Críost a fhulaing ar ár san.
Impighim ort é go léir do ghabháil fá do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ainifín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18
- Seoladh
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Dhubháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí