Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Corn 'sa StórNuair a ghuid Rí na Gréige an Corn 'sa Stór ó Fionn Mac Cumhail, bhí fhios aige ná féadfadh aoinne é thabhairt thar nais dó acht Oscar. Dubhairt sé le Oscar iarracht a dhéanamh ar é thabhairt thar nais.
Bhí ana leisce ar Oscar tabhairt fé, mar bhí fhios aige go gcaithfeadh sé troid chun san d'fhághail. D'imigh sé leis agus bhí órdughadh fachta aige ó Fionn cad a dhéanfadh sé nuair a sroisfeadh sé an fhairrge. Chaith sé scealpóg dá mhaide isteach sa pholl. Do dhein sé corachán aoibhinn áluinn aon chois do. Ní raibh páirt leata amach ná páirt leata isteach ach aon chleite amháin. Druimdhearg a bhí ar bharra an t-seoil mhóir ag déanamh ceoil. Bhí Lupadán Lapadán eisc mionna agus míolta móra ag teacht ar bhuis agus ar bhais i ngar barra na maidí Ráma ag éisteacht leis an corachán aoibhinn áluinn aon chois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí