Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Cormac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do ghlaoidh sé ar leath-taoibh go seomra gile ar an bhfear agus ceistnigh sé é agus d'fhiafruigh de cár b'as é. Thairg sé a rioghacht ar fad do'n bhfear so annsan agus thug trí nó ceathair de chulathaibh eadaigh dho agus suas le cúig nó sé de mhíltibh púnt agus gaibh a míle buidheachas leis i dtaobh an leighis mhóir a dhein sé dho. Thug sé cúpla céad punt an duine acu do'n bheirt eile agus thángadar abhaile go Dún Chaoin agus do mhaireadar go sughach sásta iad féin agus a mhná 's a gclann as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear i n-a chomhnuidhe i mBaile Bhoithín, Baile an Fhirtéirigh fadó. Ní raibh de cheard ag an bhfear bocht seo acht a bheith ag gabháil timcheall ó áit go h-áit ag spailpíneacht. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ana dhéanadh agus do bhí air gabháilt thar lios agus sé bhí a rádh i n-a aigne féin aige ná gur maith é braon biotáile anois.
    Nuair a bhí sé ag gabháilt thar an lios, tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbha, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Michéal De Lonndra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Chalaidh, Co. Chiarraí