School: Scoil N. Breandán
- Location:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Teacher: Tadhg Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deineann sé an rinch an ning is an compás,
An cúib na mirréirí is beanna na meáda,
Ancaire éirigh do luing is do bhád,
An fearsad don túrna agus an scriú
An mearacán don dtaillúr an tsiosúr is an snáthad.
(4)Is cliste é mo leomhan chun gunnaí do dheanamh,
Piostail is leabhar - claidheamh is boltaidhe do gheibhinn,
Na springeanna cóistí is na rothaidhe do ghléasadh
An scian géar an cut líomhtha an róistín 's an caol-bh (?)
Deireann sé an calabhar an speal 's an corran
Ráparaidhe fada treascartha namhaid
Asuiridhe greannta chun action as láimh
An tarachair 's an cleabhear an t-íarainn don phlána
Taistil na líonta is na cíora cómálta.
(5)Níl aon ball úrlais dá bhfuil ins an t-saoghal so
Ná deineann mo lúbaire lúthmhar mear eadtrom,
An broad axe 's an scrudóg sgian fonnsa an chuipéára,
An sádh agus giusta dioghas úcairidhe is caorach,
Deineann sé an priocóid an chorrán 's brugún
Grátaidhe na dteaghlach an pócar san tlúdh
Gach faision ar ghlasaibh chun dóirse do dhúnadh,
Marc iascaid agus ceathramhan agus coir chun cnó pléascadh (?)
An meanaidhthe an casúr 's an prionsúir don ghréasaidhe.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Conchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Chnocáin, Co. Chiarraí