School: Scoil N. Breandán

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Tadhg Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 181

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 181

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Breandán
  2. XML Page 181
  3. XML “An Clochán agus an Chill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Clochán agus an Cíll
    (Seán Mac Eoin, feirmeóir i nBaile na Cnocháin do thug an dán so dhom. Tá sé ós cionn 70 bl. d'aois. Thug cuid mhaith eile dánta dhom ina theannta. Clochán 7Cíll iseadh dhá baile beag ata i bparóiste na Cille ar an dtaobh dheas den bparóiste seo. Ní fios do Seán cé dhein an dan so.)
    I
    Do chúaladhsa scéilín beag fíor ge Cathaoir dá dh'ínnsint,
    Go mbeadh an Clochán 7 an Chíll faoí mhairg go deó,
    Agas go mbeadh an Lady mar bean-choinleach ag Lúsifer críona,
    Agus go bráth, bráth, ní maithfear aon ghála 'rís dóibh.
    II
    Núair a thugfaidh an baille ar maidin amáireach,
    Agus beirimse Márthan dá mbeadh an chroch láithreach,
    Go bhfágainse an stráille sínnta san díg.
    III
    Tá Seán livil (?) agus an Róisteach agus Cathaoir dór ndóighthain
    le iomarca mórtais le fada dá mhaoidheamh,
    Go mbeadh a bháinseach sa phóna agus na fuigheadh Dómhnall aon chómhra
    Agus Dé Satharainn go seólfar í an bhaile-mór síos.
    IV
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Éoin
    Gender
    Male
    Age
    c. 70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an Chnocáin, Co. Kerry