School: Scoil N. Breandán

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Tadhg Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Breandán
  2. XML Page 229
  3. XML “Seo Dán ag Moladh Gabha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A ghaibhne cláír fodhla mo chómhairle anois deinaidh,
    gan dul i gcomórtas lé leómhan na féíle,
    Tá fadhairt m haith thar mheón aige na gcóir go Rígh-ghléasta
    Is ós cionn na h-ionneóna is ró-bhreágh í i nÉirinn,
    Nó ar prásáíl an teallaig is deas é gan dabht,
    Nó ar chlár bhídís go greannta ag cur slachta ar gach ball
    Is ceardaidhe gan easbadh é mo phreabaire gabha,
    Tá inttleacht thar mheón aige is eólas a chéirde.

    (2)
    Is é gníos ar dtúis gach ball úrlais do lucht saotha,
    Idir leaba suic calltar "Dutch" Gallda nó Gaedhalach,
    Cóir tairringthe ar treabha chnuic is leabhar - stoc na cleite
    Gach mainleadh lé foghluim is slabhra an tsuirbhéara,
    Deineann sé rinn de shíór - scoth gan cáimh,
    Don cuileann cruadh - suidhte is é líonta chun báin,
    An tsluasad an píe is gan amhras an tsleagh,
    An Ráca an gáirnéora líogha ró-dheas na saora,
    An tromán don tornóír 's an billeóg don chaolach.

    (3)
    Is ceárdaidhe ró-neata é is deineann sé crúdh deas
    Do "hunter" an fhiadhaig nó do dhian-each an chúrsa
    spuir greannta (?) agus béálbhach do shrianta 's na bá (?) claidhe
    An tSioraip don diallait an dubhán iaseach 's an trúma
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Conchubhair
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Chnocáin, Co. Kerry