Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 182
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beadh an rath ortha.
Bhí bean ó Bhaile na nGall ag déanamh na cuiginne lá agus bhuail bean des na cómharsain isteach chúíchi. Dhearmad sí lámh bualadh ar an gcuiginn. Dá mbeadh muinntir an tighe ag deánamh na cuiginne go lá an luain ní bheadh sí déanta. Ach go h-aírithe seo lé bean an tighe go dtí an mhnaoí seo agus chuir iacall(a) uirthi teacht thar n-ais agus a lámh bualadh ar an gcuiginn, agus tamall do dhéanamh Ní raibh sí ro fhada ghá déanamh nuair bhris an bainne agus bhí an tím déanta. Deirimse leat nár tháinig aoinne isteach ó shoin gan a lámh bhualadh ar an gcuiginn.Bhí fear de mhuinntir Mhaelóin ar an gClochán Dubh fadó. Bhí bó aige bhí ana chrosta lé crúdh agus cuirtí buarach chúichi.Aon lá amháin loirg cómharsa an buarach air agus thug do agus fáilte é. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc no gur tháinig lá na cuiginne. Níórbhé an mhaitheas dóíbh bheith ghá déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaeleóin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí