Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhiaidh agus na h-aon scréach aice ag glaodh ar Sheán chun a clóca a thabhairt di. Do lean Seán don rith gur bhain sé a thig fein amach. Do bhí an clóca curtha i bhfollach ag Seán suas sa lochta (i bhfollach ag Seán). I gcionn tamaill tháinig an muirbheach isteach. Shuidh sí síos. Cúpla mí na dhiaidh sin do phós an Muirbheach agus Seán ó Fhlathartaigh agus bhí clann aca.
    Bhíodar ag maireachtaint go deas i dteannta a chéile go dtí aon lá amháin nuair a bhíodar ag glanadh suas an tíghe do chuaidh an duine don gclainn suas sa lochta agus do bhí sé ag glanadh suas ann. Do chonnaic sé an clóca agus bheir sé air agus chaith sé anuas é. Pé súil féachaint a thug an muirbheach do chonnaic sí an cloca. Do dhein sé fé na dhéin agus bheir sí air. D'imtig sí léi amach an doras agus ní fheacaidh áenne as san amach í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    42