Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 131
- XML “Ciorrú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uirthi agus ciorrbhaighis í."
"Agus an bhfuil aon leigheas agat dom?" arsa an Sagart.
"Conus a dhéanfainn leigheas do thabhairt duit agus tú am d'fógairt tuisg na leigheasanna a bheith dhá dheanamh agam," arsa an bhean.
"Ná bac san" arsa an Sagart. D'imthig sí siar san iothlainn agus thug léi aniar luibh an chiorrbhaighthe.
"Bheirbh í sin agus tabhair an t-uisge lé n-ól don gcapall", ar sise.
"Agus an bhfuil Paidir ná cré ag dul leis?" arsa an Sagart.
"Níl Paidir ná cré ag dul leis " arsa an bhean.
Do dhein an Sagart fé mar dúbhairt sí agus bhí an capall chómh maith is bhí sí riamh.
D'órdaig an Sagart di leanamhaint ar na leighiseanna.