Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “An Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'éirigh sé ar maidin agus tréis bídh do chonnaic sé dhá éan ag cómhrac amuigh ar thaobh na fuinneóige . Thuig sé go maith iad mar thug an sprid cead do gach ainmhidhe fé'n spéir do thuisgint. Dhein sé gáire fe'n dá éan agus dúbhairt a mhnaoi leis cad é fáth a gháire agus dúbhairt léi ná raibh aon dul aige ar é d'innsint di. Dúbhairt sise go gcaithfeadh sé é d'innsint di. Dúbhairt se ná féadfadh.
    Muna innseósair dom é ar sise geóbhadh bás. Chuaidh sí an leaba annsan. Dúbhairt an fear léi dul agus toramh d'fhághail do féin dá innseósadh sé é. Níor chuir sise aon spéis na chuid cainnte.
    Chaith an cailín aimsire bhí sa tig gráinne coirce go dtí na cearca i lár an tíghe. Bhí fear an tíghe suidhte sa chúinne agus é go brónach. Nuair a bhí deire an choirce ithte ages na cearca thug ceann des na cearca iarracht ar an ngráinne déidheannach den choirce thabhairt léi. Phrioc an coileach an t-anam aisdi agus chuir iachall uirthi é d'fhágaint na diaidh. Annsan dúbhairt an coileach "dá mbeadh oiread smacht ag fear an tíghe ar a mhnaoi agus atá agamsa ortsa ní bheadh sé ghá chur féin chun
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mhaeleóin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán Dubh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Maéleóin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Clochán Dubh, Co. Chiarraí