Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 023
- XML “An Ghé agus an Gandal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beirbiúghadh dhuith muna bhfaighfead mo ghé is mo ghanndal”.
Chuadar ag cuardach agus fuaireadar iad istig i ndíg an bhóthair. Do rug sé ortha agus bhuail fé’n ascaill iad. D’imigh sé féin agus an cailín go dtí “Léim thar Lé” agus chnag sé i dtigín a mháthair.
“Ariú a Sheáin” ar sise nách déanach ataoí . Tháinig Seán isteach, an ghé is an ganndal aige agus an cailín i n-aon-fheacht leis. “Ara a Sheáin” ars a mháthair “cá bhfuairis an cailín”?. D’innis Seán an sgéal dá mháthair. “O mo ghraidin í” ars an t-sean-bhean “tá sí caillte de’n ocras”.
Bheirbhig sí an gé is an ganndal agus bhí fióil a ndóthain aca an oidhche sin. D’fhan an cailín annsan i bhfocair na seana-mhná ag obair is ag gnó agus [gan] fochal cainnte aici.
Bliain ón lá sin chualaidh Seán go raibh géana ‘á d’imirt theas i “Móin a’ Rí” agus d’imigh sé ag imirt. Bhuaidh sé ganndal agus d’imigh abhaile ar a doh dhéag a chlog istoidhche.
Nuair a bhí Seán ag gábhail thar lios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí