Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chun na h-oibre sin. Do bhí sí chómh mór sin is go ragadh a trí oiread innti thar aon chliabh eile. Is minic a bhiodh an chliabh seo lán d'iasg, agus thugadh sé abhaile ar a dhroim leis é. Bhí aon oidhche amháin go raibh an chliabh seo lán d'iasg mhion (deargaín, litheóga agus araile) aige. Bhí deich cinn fhiceadh de chólamóirí ná ragadh ins an chliabh in aon chor toisg í bheith lán de iasg mhion cheana. Chuir sé dhá cholamóir ar gach fhiacal de'n chléibh. Dubhairt sé lé beirt fhear í d'árdúghadh. Ní fhéadfaidís i chorruighe. B'éigin do cheathrar fear teacht, agus an chliabh d'árdach air. Thug sé an chliabh ó Bhéal Bán go Baile an Éanaig. D'fiafruig fear dho lar na mháireach ar an dtráig, cionnus a thug sé an chliabh leis. Dubhairt sé ná raibh aon bheann aige(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás O Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí