Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tíghearna Talmhan.
Dhá thíghearna talmhan a bhí annso fadó. Lord Ventry agus Lord Cork. Fear ana dheas dobeadh vLord Cork acht bhí Lord Ventry ana chruaidh. Is i mBaile An Ghóilín a bhí Lord Ventry na chómhnuídhe ins an áit go bh'fuil Coláiste Ide anois. Do bhí sé chómh cruaidh san ar na daoine go gcaithfhidís an féar agus an móin a bhaint agus a thabhairt abhaile dho. Aon duine ná bíodh ábalta ar an gcíos do dhíol ar an lá ceart leis ní thabharfhadh sé aon seans dhóibh acht iad do chur as seilbh a gcuid talmhan. Annsan nuair ná bíodh aon áit eile aca chun dul do théigheadh a bh'furmór go h-Ameiricá acht d'fhanfhadh cuid aca tímhcheall na h-áite i na gcómhnuídhe i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí