Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Michael Ó Conchobhair

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 472

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sean-Fhocail.
Bhí mórán sean-fhocail ag na sean daoine, acht tá a bhfurmhor ins na leabhra anois.
Árduig do sheólta an uair is cóir an gaoth dhuit.
Dein mar is ceart duit agus tagadh do roga dhuit.
Is mó luach uair na maidne ná dá uair an tráthnóna.
Má deir siad go bhfuilir go maith fiafruigh díot féin an bhfuil sé fíor.
Is fiú rud maith feitheamh leis.
Níl aon rud chomh holc na go bhfuil rud éigin maith ann.
Ní measa lucht an fhíll ná sliocht an maghaidh.
Is fusa dul go tig an rí ná teacht as.
Fulaingeann fuil fuil ón

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Tomás Ó Mainín
Inscne
fireann
Seoladh
Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge