Scoil: Kilmacteige (C.) (uimhir rolla 13944)
- Suíomh:
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuirnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilmacteige (C.)
- XML Leathanach 286
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí ann. Mar sin chuir sé a aghaidh ar Blá Cliath agus ní raibh in a phocaí leis ach sé sgilling. Cheannuigh sé sé cinn de's na naipcín póca déante as an síoda a b'fhearr a bhí le fághail mar bhí an síoda go flúirseach sa tír seo um a' dtaca úd.
Annsin ní raibh píghinn fágtha aige. Shrois sé Blá Cliath i gceann cúpla lá, agus bhí chuile dhuine ag baint lán an dá súil as an gcoigcrioch a bhí ag fiafruigheadh diobh cá raibh an sráid a b'fhearr i mBlá' Cliath. Nuair fuair sé é fhéin i gcearr lár na cathrach thóig sé ceann de's na naipcín síoda as a phóca, chuimil a shróin leis agus chaith thar a ghualainn ar an sráid é. Bhí argóint mór idir an gasra a bhí taobh tiar de chun a fhághail amach cá geobhadh an naipcín. Nuair a thánaig sé chuig deireadh na sráide d'iompuigh sé thart ar a shál agus thánaig sé arais ar an sráid céána ach uair. Ag an áit céana thóig sé amach naipcín eile agus rinne an rud céana leis is a rinne sé leis an gcead ceann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Alice Boland
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh
- Faisnéiseoir
- John Ginty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh