Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 239
- XML “An Drár”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mar is aige a bhí an seanchas fada.
Chuala mé an Sairgint ghá léamh sa bpáipéar,
Go mbeadh margaidh móra anseo feasta.
Go n-osclófar an pánn atá thiar ag Coill Sáile,
Atá dúnta suas le fada.
Tá an (graif) grafaire agus an cábla ann.
Tá (sé) mo dhrár ann agus is iomdha sin drár ann chomh maith leis.
Acht coinnigidh airdeall uirrí ag teacht na Féile Pádhraic
Goidfe sí báiníní feasta acht go dtige Lá an tSléibhe,
Gheobha mé scéal go cé thug mo dhrár uaim chun bealaigh.
Beidh na táinte agus céadta ag cruinniú fré chéile
Agus gach aon nduine ar sgannradh dá anam.
Tiocfa Mac Dé ag tabhairt breith ar an méid sin
Agus piocfa sé fhéin a chuid asta.
Nach ciotach an sgéal é ag an mbean a thug mo dhrár uaim.
Cuirfear i ngéibheann í agus cuirfear glas uirrí.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe