Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 232
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalBhí fear ann fadó agus bhí triur inghean aige. Bhí fear an-saidhbhir sa mbaile in-aice leobhtha agus bhí pósadh geallta aige do'n inghin ba shine. Bhí sochrai[d] sa mbaile annsin agus chuaidh an fear saidhbhear ag an t-sochraid. Bhí maide in a láimh aige maide daor a bhí ann. Nuair a chuaidh sé isteach sa roilig leag sé an maide suas le doras tuamba agus nuair a bhí an cuirp curtha níor smaointigh sé ar a mhaide a thabhairt leis no go raibh sé sa mbaile. Bhí sé ag eirghe deireannach annsin sa tráthnóna chuaidh sé go dtí an bhean óg a raibh an pósadh geallta aige dhuithce agus d'fhiafruigh sé dhuithe an dtiocfadh sí ag an roilig i gcoinne a mhaide dhó dubhairt sí leis nach dtiocfadh. "Ma theigheann tusa ann" adeirsé leis an dárna inghean "is tú a pósfhas mé." "Ní racha mé ann" adeir sí da mbeinn gan pósadh go deó." An dtiocfá-sa dhom ann?" adeirsé leis an tríomhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe