Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 231
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-am seo.
Nuair a bhí sí imthighthe aríst, tháinic an t-athair 's an mac. Dubhairt an t-athair, "nach maith nach dtainic na fir sin indiú, caithfeamuid iarraidh ar bheirt eile amáireach."
Nuair a tháinic an sean-fhuiseóg abhaile d'innis siad a sgéal di. Dubhairt sí, "tá go maith, níl aon bhaobhal orrain fós".
D'imthigh sí aríst an lá ina dhiadh sin agus dubhairt sí leo cluais níós fearr ná sin a bheith orra.
Nuair a bhí sí imthighthe thainic an t-athair 's an mac aríst. Dubhairt an t-athair, "nach maith nach dtáinic ana fir sin indiú, caithfe an bheirt againn féin dul amáireach agus é a bhainnt.
Nuair a thainic an sean-fhuiseóg abhaile d'innis siad di céard a thárla. Annsin dubhairt sí, "más mar sin é caithfe muid bheith ag imtheacht", agus d'imthigh siad. Bhí fhios ag an sean-fhuiseóg nach raibh aon maith dóibh bheith ag brath ar na comharsana.- Faisnéiseoir
- Maoilre Mac an Chródha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe