Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 230
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal1. Maoilre Mac an Chrodha.
2. Baile'n Dubhlaich, Gaillimh.
3. 28.
4. Feilméireacht.
5. Mar a 2 thuas.
6. Ón a athair.
7. 20
8. 45
9 Mar a 2 thuas.
10. 20.7.'38Bhí nead ag fuiseóg i ngort cruithneacht an uair. Chuaidh sí amach i gcoinne bidhe do na h-eanach óga lá amháin. Nuair a bhí sí ag dul amach dubhairt sí leo bheith ag faire le fatchíos an dtiocfadh aoinduine thart. Nuair a bhí sí imthighthe tháinic an t-athair 's an mac a mba leo an pháirc in-aice leis an nid. Dubhairt an t-athair leis an mac, "tá an chruithneacht seo i n-am a bhaint. Caithfheamuid iarraidh ar bheirt éicint theacht amáireach agus é a bhaint dhúinn".
Nuair a tháinic an sean-fuiseóg abhaile d'innis na h-éanacha óga an sgéal di. Dubhairt sí, "tá go maith, níl aon baoghal fós orrainn."
D'imthigh sí aríst lá 'r na bháireach agus dcubhairt sí leo cluas níos fearr a bheith orra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maoilre Mac an Chródha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. na Gaillimhe