Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 233
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)inghean "agus is tú a phósfas mé ma theigheann tú ann" Racha mise ann duit" adeir sí d'imthigh sí annsin agus chuaidh sí go dtí an roilig agus bhí sé deireannach san oidhche nuair bhí sí ann. Chuaidh sí go dtí an tuamba san áit a raibh an maide leagtha. Nuair a bhí sí ag dul ag breith ar an maide, dubhairt fear a bhí curtha san tuamba an maide sin a fhágáil annsin. "Osgail an doras atá ar an tuamba seo agus leig amach mé adeir sé. "Cé'n chaoi a bhféadfadh me an doras a osgailt agus glas air? adeir sí leis. "Cuir isteach do mhéar bheag i bpoll an ghlais agus osclocha sé dhuit" agus chuir, agus d'osgail sé. "Bain an clab do'n chónra anois adeir sé. Agus bhain sí an clab do'n chónra. "Tóig aniar anois mé" adeir sé "mar tá lag, tá mé annseo le céad bliadhain gan aon ghreim a (ithte) ithe". Rug sí air agus thóig sí aniar é. "Gabh faoi mo ascall anois adeir sé agus tabhair leat mé ag teach go bhfuighe mé ruainne le n-ithe". Thug sí leithe é annsin nó gur casadh teach leobhtha. "Rachamuid isteach annseo anois" adeir sí. "Tá an t-uisge choisreacan sa teach sin adeir sé "ní fhéadfadh muid a dhul isteach ann" adeir sé. Shiubhaladar leobhtha nó go ndeachaidh siad go dtí an chéad teach eile. "Rachamuid isteach annseo" ar sise. "Tá an t-uisge coisreacain sa teach sin ní fhéadfadh muid a dhul isteach ann" adeir sé. Shiubhladar leobhtha gur casadh teach eile leobhtha. "Rachamuid isteach annseo" adeir sé "mar níl uisge glan na uisge salach ann". Chuaidh siad isteach annsin agus d'osgail an doras díobhtha. "Féach an bhfuighthea gráinne mine a dhéanfadh cáca" adeir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe