Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 238
- XML “An Drár”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaith mé cúig oidhche i dteach geanamhail Ó Maor(a)
Agus (mé) ag súil le bean óg ann a mhealladh,
Chruinnigh daoine agus confairt na tíre,
Agus fuair mé ruaigeadh Sheáin Bhradaigh
Thart Droichead an Chláirín agus Cinn Mhara taobh thall de.
Cuartóchad(h?) thart timcheall go Gaillimh.
Siar Uachtar Árd fad is tiubhradh an lá mé.
Cuartócha mé Dinndur agus Camus.
Acht is ag Prompán Coill Sáile a fuair mé roinnt fáisnéis’,
Gur rógaire mná a thug chun bealaigh é.
Bhéarfadh sí ar an gcaora ba bhradaigh san oidhche
Agus ghoidfeadh sí an ghé agus an lacha.
Dheamhan sin tuar éadaigh as seo go Binn Éadain
Nár mhian léithi cuid dó a chaitheamh.
Chaith sí cúig lá ag goid uibheacha áil
Acht bhí a fhios agam féin nuair a bhéarfaidhe uirthi
I ngéibheann go n-íosfadh sí gé Bheite Bhacach.
Do chara agus do chuimre, ná tabhair m’ainm síos leis.
Béarfa mé drár dhuit chomh maith leis.
Ní thairneocha caol é agus beidh sé roinnt saoghalta
Mar tá fábhar na bhfigheadóirí agam.
Cuir luach a déanta ina bhásta istigh fillte.
Sin agus déan é go tapaidh agus tiubhra muid suas é go Seán Bacach Ó Luaghaire(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe