Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 201
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is fearr sean-fhiacha ná sean-fholmhuideacht.
Is beag an bhealaidheacht is fearr ná an cosaidh eacht.
Is minic a bíos brumachán giobalach in a chapaillín maith.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
Is fearr soláthraidhe maith ná droch-oighne dúithce.
Ní h-é lá na gaoithe lá na scolb.
Is fearr go mall ná go bráthach.
Níor chaill feas an mhisnigh ariamh é.
Ní thagann ciall roimh aois.
Gheibheann na ba bás fhaid is bhíos an féar ag fás.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin.
Ní rún é ó tá a fhios ag triúr é.
Is geall leis an bhfiach dubh a ghearrcach fhéin.
Is binn béal ina thost. Is milis an rud an t-anam.
Ná bris reacht is ná déan reacht.
Cuir smacht ar do leanbh in a óige.
Ní h-iad na fir mhóna a bhaineas an fhóghmhár i gcomhnuidhe.
Is minic an fear beag ag díol leis an bhfear mór. Ní bhíonn an fear maith ariamh ar lár.
Ag an duine féin is fearr phios aige eá luigheann an bróg air.
Is minic a bhíos mac maith ag droch-athair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Mhic Diarmada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 48
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe