School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 201
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is fearr sean-fhiacha ná sean-fholmhuideacht.
Is beag an bhealaidheacht is fearr ná an cosaidh eacht.
Is minic a bíos brumachán giobalach in a chapaillín maith.
Is fearr an troid ná an t-uaigneas.
Is fearr soláthraidhe maith ná droch-oighne dúithce.
Ní h-é lá na gaoithe lá na scolb.
Is fearr go mall ná go bráthach.
Níor chaill feas an mhisnigh ariamh é.
Ní thagann ciall roimh aois.
Gheibheann na ba bás fhaid is bhíos an féar ag fás.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin.
Ní rún é ó tá a fhios ag triúr é.
Is geall leis an bhfiach dubh a ghearrcach fhéin.
Is binn béal ina thost. Is milis an rud an t-anam.
Ná bris reacht is ná déan reacht.
Cuir smacht ar do leanbh in a óige.
Ní h-iad na fir mhóna a bhaineas an fhóghmhár i gcomhnuidhe.
Is minic an fear beag ag díol leis an bhfear mór. Ní bhíonn an fear maith ariamh ar lár.
Ag an duine féin is fearr phios aige eá luigheann an bróg air.
Is minic a bhíos mac maith ag droch-athair.(continues on next page)- Informant
- Nóra Bean Mhic Diarmada
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway