Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 539
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)20. Is milis fíon, is searbh a íoc
21. Is furasta fuinnt i n-aice na mine.
22. Is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.
23. Is maith é an capall a tharraingeas a chárr féin
24. Galar gan náire an tart ach sháruigh an t-ocars é.
25. Más dána muc ná gabhar is dána bean ná diabhal
26. An áit a bhíonn an gé bíonn an gandail agus an áit a bhíonn na mná bíonn an clampar.
27. Tá sé fánach a bheith ag iarraidh a bhaint as turnap.
28. Ná masluigh fear shean-chóta ar aonach.
29. Is minic droch-bhróga ar ghéasaidhe.
30. Más moch mall éirigheann an ghrian is mar is toil le Dia a bhéas an lá.
31. Teagann an cáirde, ach ní h-íoctar na fiacha.
32. Is féidir leis an ngobadán an dá thráigh a fhreastal.
33. Is fearr an t-ádh ná éirigh go moch.
34. Níor bhris cearc an áil a h-ugán ariamh
35. Cuairt ghéarr is a dhéanamh go h-annamh an chuairt is fearr ar fad.
36. Is fearr suidhe gear ná seasamh fada
37. Ní chaitheann an chainnt an t-éadach
38. Ní thagann bás gan tsiocar.
39. Ní sleamhan an laogh nach liogann a mháthair féin
40. An t-é a bhíos bradach, is dá réir dó a bheith bréagach.
41. Lámh a' losgadh is lámh a' tárrtáil.
42. Bíonn saint I ndiaidh na sagart.
43. Ní gach lá a mharbhuigheadh Páidín fiadh, ní gach lá a bhíos sé i n-a dhiaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Úna Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe