Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 511
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Taréís tamaill chuaidh an mac b'óíge ar thóír na beirte eile agus a dheirbhshiúr. Tháínig sé go dtí an teach mó, agus chonnaic sé a dheirbhshiur i n-a seasamh ag an bhfuinneoig aris. Chuaidh sé isteach agus sa tráthnóna thainig an sean-fhear. An mhaidin i n-a dhiaidh sin chuaidh sé leis na beithidhigh fé mar a chuaidh an bheirt eile, agus dubhairt an sean-fhear leis gan iongnamh a dhéanamh de rud ar bith. Chonnaic an buachaill seo na h-ubhla, na beithidhigh laga ar an talamh maith, agus beithidhigh reamhra ar an talamh bocht, ach ní dhearna sé iongnamh faoi. Nuair a tháínig sé abhaile d'iarr an sean-fhear an cheist chéádna air is a d'iarr sé ar an mbeirt eile, agus dubhairt an buachaill go bhfaca sé iad ach nach ndearna sé iongnamh ar bith de. "Maith an buacaill," ars an sean-fhear, "rinne do bheirt dhearbhrathair iongamh mór agus tá siad faoi ghlas agam-sa fós. O'r go ndeárna tusa an rud a dubhairt mé leat leifidh mé abhaile leat iad go léir, agus leigfidh mé do dheirbhshiúr leat freisin.Chuaidh an ceathrar acu abhaile annsin agus bhí áthas mó ortha, go mór-mhór ar a athair.
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droigneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe