Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 503

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 503

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 503
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine uasal uaidh agus rinne sé air. Bhuail sé ar an doras agus tháinic an duine uasal amach gur iarr sé loistín na h-oidhche air. "Tá brón orm," ars an duine uasal nach bhfuil aon áit agam dhuit mara gcodlóchthá ins an teach seo amuigh agus déarfainn na gcodlóchtha mar duine ar bith a chuaidh isteach ann thainic sé amach marbh as ar maidin. "Fanfaidh mise ann," ars an fear má geallann tú fiche punt dom má bhím beo, agus mara mbeadh go gcuirfidh tú abhaile chuig mo bhean é."
    "Geallaim sin duit," ars an duine uasal. Isteach leis annsin agus chuir an duine uasal glas ar an doras taobh amuigh.
    Shuidh an gabha suas ag an teine go sásta dhó féín. Ar uair an dó dhéag chuala sé an torann i mbárr an tighe, agus seo aníós an staidhre coigeann duine agus sgata daoine dhá ciceál. Tháinig an cloigeann i n-aice leis an ngabha agus bhuail seisean cic air agus chuir ar fud an urláir é. Bhí siad ag caitheamh cathaoireacha agus buird le chéíle agus iad ag baint mac-alla as an teach. D'fhan mar sin nó gur ghlaoidh an coileach ar a cheatar a clog agus d'imthigh siad amach an doras annsin agus ní fhaca sé níos mó iad.
    Tháinig an duine uasal ar maidin agus d'iarr sé ar an gabha céard a chonnaic sé. "Ní fhaca mé tada níos measa ná mé féín," ars an gabha. Thug sé an fiche punt dó ar maidin agus béile maith le n-ithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Spealáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe