Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuirfidh tú liom í tharraing anonn, í tharraing anonn?
Cé chuirfidh tú liom í tharraing anonn, arsa Dilsí, Dalsaí, Déro."
Annsin deireann an dream eile go gcuirfeadh siad duine eile leo, agus annsin téigheann an bheirt ag iarraidh a chéíle a tharraing. Sa gClós na Sgoile a imrightear an cluiche sin freisin.
Ceithre CoirneálCúigear a bhíónn dhá imirt. Bíonn ceithre clocha ann agus seasann duine ar gach cloich agus bíonn siad ag iarraidh an duine eile sa lár. Bíónn gach beirt ag athrú ó chloich go cloich.
Ag LeanamhaintNuair a bhíonn duine amháin ag leanamhaint caithfidh se leanamhaint go mbeireadh sé ar chuile duine ach nuair a bíonn beirt ag leanamhaint bíonn áit áirighe le seasamh a b'fhéidir leis dul isteach san áit sin ní fheadfaidh aon duine breith air an uair sin. Sa sgoil a imrightear é mar ní bhíonn aon spoirt ann muna mbíonn go leor páistí le céile.
Ag Caitheamh CnaipeBíonn go leor páistí in a seasamh thart i bhfáinne agus an chéad duine a chaitfeadh cnaipe isteach gheobadh sé na cnaipí go leir. Buachaillí is mó a bhionn ag imirt an chluiche sin.
Déanann na cailíní slabhraí agus braighsiléid deasa de bhláthanna sa Samhradh.- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Dhroighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe