Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 457
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíodh daoine ag pósadh fadó, uaireannta ins an teach a dheinidís é agus ní leigidís d'aon duine eile teacht i n-aice leo. Annsin nuair a bhhíodh an pósadh thart théíghidís chun faoistin agus comaoine.Uaireannta eile bhíodh go leor mná óga ag imtheacht as baile san oidhche le fir óga agus ní phósaidís go ceann míosa in a dhiaidh sin, agus ní sgríobhaidís abhaile go ceann bliana.Deirtear go bhfuil sé mí-ráthmhar pósadh ar Céadaoin go mór-mhór Céadcaoin tar éis lá saoire. Is maith le gach duine a bheith ag brath ar phósadh roimh an gCarghus. Pósann go leor daoine ar Máirt na h-Inide.Nuair a phósann cuid de na daoine ní maith le aon duine de'n lánamhan a dhul amach ar dtús. Ceapann siad an chéad duine a théighfeadh amach gurb é a caillfear ar dtús. Tar éis pósadh do chuid de na daoine téigheann siad ag marcuigheacht ar chapall dubh. Ní thagann "buachaillí tuighe" isteach chuig pósadh ach tagann siad chuig tórramh.Tugann an chuid is mó daoine spré do'n mnaoi. Tugtar timpeall céad punt dí, agus gheibheann sí bó freisin. Timcheall ceithre sgór blian ó shoin bhíodh daoine ag pósadh ins na tighthibh agus bhíodh cóisirí acu. Tugaidís cuireadh do gach duine i bhfoisgeacht cúpla míle dóibh agus bhíodh an-spoirt acu. Fadó nuair a bhíodh siad ag déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe