Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 423
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do thóg fear darb' ainm Pádraig Ó Cadhain, as Tír na Cille, cloch mhór, tuairim is sé céad meadhchaint, agus chuir sé suas í go dtí a ghuailne gan strómh ar bith.Cúpla blian ó shoin do thóg fear d'arb' Pádraig Ó Droighneáin as Cloigcheam dhá mhála plúir faoi na dhá asgaill tuairim is céad slat agus dhá cheann eile ar a dhá ghualuinn, agus d'fhill sé ar-ais annsin agus thóg sé céad meadhchan eile le na fiaclaí an fhaid chéadna.
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Spealáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Bhí fear i nDuithche Sheoigeach fadó agus is é an t-ainm a bhí air Éamonn Seoighe. Bhí sé i n-a fhear an láidir. Ba é an fear ba láidre de na Seoighe é, ach tar éis tamaill fuair sé tinn agus bhí sé ag dul go Gaillimh chuig dochtúir.
Ins san am sin ní raibh aon gluaisteán ann, acht bhíodh capall ag Eamonn i gcomhnuidhe. Lá a bhí sé ag dul go Gaillimh bhí fear ar an mbóthar go Gaillimh a chuala trácht faoi Éamonn agus d'éirigh sé amach roimhe, agus d'fhiafruigh sé d'Eamonn an raibh sé i n-a fhear chomh maith leis féin. Dubhairt Eamonn leis go raibh sé lá agus nach dtiubhradh sé isteach dhó. Dubhairt an fear seo le Eamonn go gcaithfeadh sé troid leis ná a rádh nach raibh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)