Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Nuair a bhíonn go leor réaltóg sa spéir bíonn sioc air.2. Tá sé ráidhte freisin nuair a bhíonn na géabha fiadháine ag dul ó thuaidh go bhfuil sioc air.3. Nuair nach mbíonn an ghrian le feiceáil sa spéir bíonn droch-aimsear air. 4. Nuair a bíonn na fáinleóga ag eiteall go h-íseal bíonn aimsear bhreágh air.5. Nuair a bhíonn na h-ealaí ag eiteall go h-árd sa spéir bíonn aimsear bhreágh air.6. Nuair a bhíonn torann mór ag an loch san oidhche bíonn aimsear bhreágh air.7. Nuair a bhíonn na cniuc ag féachaint an-bheag bíonn an aimsear ag fagháil breágh.8. Nuair a bhíonn an spéar dearg thiar sa tráthnóna bíonn aimsear bhreágh air.9. Nuair a bhíonn aimsear bhreágh air bíonn na h-éisg ag éirigh as an loch.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe