Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a thiomáin sé na ba abhaile an tráthnóna sin agus nuair a bligheadh[?] iad bhí dá oiread eile bainne acu agus bhí ariamh roimhe sin. An dara lá tháinig an fatach eile agus mharbhuigh an bhuachaill aríst é.
An tríomadh lá tháinig fathach eile agus mharbhuigh an buachaill aríst é. Bhí an caisleán agus an Elaidheamh agus an capall aige féin annsin. D'innis an feilméar[?] dó an oidhche "sin go raibh oil-phéist le theacht lá ar na bháiread agus inghean an Ríogh a shlughadh; thagadh an oil phéist uair chuile sheacht mbliadhna agus mura mbeadh inghean an Ríogh le fágail aige díosfadh sé an díuthche. Is mór an trua is an bhain phrionnsa bhocht arsa Ridire na Cleithe[?] agus níor dhubhairt sé tuilleamh[?]. Taréis na ba a chur ar thalamh na bhfathach ar maidin, chuaidh sé go dtí an caisleán chuir sé air culaith airm-bhréagh uasal a bhí ann, agus fuair sé an claidheamh. Chuaidh sé ag marcaidheacht ar an gcapall agus chuaidh sé go dtí an tráigh le dul ag troid leis an bpéist chun inghean an Ríogh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Loideáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loideáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An tArdán Thiar, Co. na Gaillimhe