Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bhfhathach a bhí inaice leis.
Lá ar na bháireach chuaidh sé amhach ag fasuigheacht. Leag sé an balla agus leig sé isteach na beithidhigh i dtalamh na bhfhathach agus chuaidh sé fhein suas i gcrann agus ní raibh sé shuas ann nuair a tháinig an fathach agus dubhairt sé leis an mbuachaill teacht anuas as an gcrann. Nuair a tháinig sé anuas as an gcrann thosuigh siad ag troid agus bhuail an buachaill é agus mharbhuigh sé é agus rinne sé cis dhó go na beithidhigh. Nuair a chuaidh sé abhaile leis na beithidhigh bhí go leór bainne acú agus dubhairt an fear leis gurbh é an buachaill aimsire a bfheárr é dá raibh aige ariamh. Lá ar na bhárach sheól sé na beithidhigh amach aríst agus chuir sé isteach i dtalamh na bhfhathach aríst iad. Chuaidh sé fhéin suas sa gcrann aríst. Ní raibh sé i bhfhad shuas nuair a tháinig an fathach eile agus rinne sé an cleas céadhna leis.
Nuair a chuaidh na beithidhigh abhaile tráthnóna bhí go leór bainne acú agus dubhairt an fear gurb é an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtin Ó Conroigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conroigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe