Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 447
- XML “Coitín Rúin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an leas-mháthair an bhuaidh. Amach leithi agus mharbhuigh sé an capall ba bhreaghtha abhí ag an bhfear. Nuair tháinig an t-athair abhaile an tráthnóna sin "Féach an bail atá ar do chapall" ars an bhean leis ac níor dhubhairt sé tada.
An lá indiaidh sin d'iarr an t-athair ar an gcailín a dhul ag fiadhach leis. Dubhairt sí go racadh sí agus fáilte agus as go bráth leis an mbeirt aca. Thug sé isteach igcoill uaigneach í agus bhain sé an láimh di ón a gualainn anuas agus dfhág sé annsin í. Nuair abhí sé féin ag dul abhaile chuaidh dealg sceiche isteac ina chois agus bhain sé a theach amach le trioblóid mhóir.
Tháinig an Maighdin Mhuire cuig an cailín annsin agus chuir sí an dá láimh uirthi arís. D'imthigh sí leithi annsin tríd an gcoill agus niorbh fhada go bhfacha sí solus beag ibhfad uaithi. Chuaidh sí go dtí é agus ceard a bhí ann ach palás an riogh Chuaidh sí isteach igcró na gcearc. Nuair bhí na cailíní aimsire ag tabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe