Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 416

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 416

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 416
  3. XML “An Seanfhear Liath”
  4. XML “An Cailín Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bheith ag cainnt mar sin mar ní thiubhraid mise an t-anam duit" Leis sin chraith an sagart a lámh air agus d'imthigh an fear mar splannc teineadh agus na lasracha ag eirighe as.
    Isteach leis an sagart óg annsin agus chuir sé an ola ar an bhfear tinn chomh luath agus bhí an gníomh sin déanta aige nár imthigh an t-anam as.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Cailín Aimsire
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta acht ní raibh aon chlann aca. Do bhí cailín aimsire sa tigh. Cailín laghach cineálta ab eadh í
    Aon oidhche amháin tháinig bean ag an doras. Bhí beirt nó triúr malrach in einfheacht leithe. D'iarr sí loistín ac dhiúltaigh bean-an tighe dí í. Bí truagh ag an gcailín aimsire don mhnaoi boct nuair bhí uirthi bothar do bhuaileadh arís Amach lei indiaidh agus dubairt sí leis an mnaoi fanacht sa scioból nó go dtiocfadh sí féin ar ais
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge