Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ola do chur ar an bhfear tinn. Sgríobh an sagart cuig an easbog fén gceist D'fhreagair an t-easbog agus dubhairt sé go raibh sagart óg ag teacht amach as an gcoláiste agus go gcuirfeadh seisean an ola air.
Tháinig an sagart óg agus d'orduig sé teine mhór a bheith déanta taobh amuigh den tigh agus fáinne a dhéanamh timceall na teineadh. Rinnead amhlaidh. Bhí seisear sagart eile chomh maith Thosuigh an sagart óg ag léigheamh as leabhar an aifrinn. Nuair bhí sé tamall agh léigheamh d'fhiafruigh sé de na sagairt eile an bhfacha siad aon rud. Dubhairt siad go bhfacadar fear Thosuigh sé ag leigheamh arís. Igceann tamaill chuir sé an cheist céadna orra. Dubhradar go bhfacadar fear ar bruach na teineadh. Thug an sagart óg aghaidh ar an bhfear annsin agus d'fhiafhruigh sé de céard do thug an bealach sin é: "O" ars an fear "má ceannuigheann tú bó ar an aonach nach n-abrann tú gur leat féin í" "Tuigim tú" ars an sagart "ach níl aon mhaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe