Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 026
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aicí a bhí an mhór acht bhí sé in a chropach. Bhí sé i gcomhnuidhe sa luaith agus ní íosfadh sé tada acht min choirce agus dólfadh sé bainne géar. Bhí fear éigin san áit a bhíodh ag tabhairt mín choirce agus bainne géar dhó. Lá amháin deitigh sé an mháthair agus nuair a tháinig sí abhaile d'innis sí dá mac céard a tharla acht dubhairt seisean nach raibh aon neart aige air.
Bhí daoine ag obair ar bhóthar a bhí dhá dhéanamh taobh amuigh de'n teach. Dubhairt sé le na mháthair a dhul amach agus gró a thabhairt isteach go ndíreochadh sé a ghlúna acht bhris sé an gró. Fuair sé ceann eile annsin agus bhris sé é. Tugadh ceann mór isteach cuige annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Catháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- An Mám, Co. na Gaillimhe