Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír na Cille
- XML Leathanach 025
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sé síos ag an gcladach san áit a raibh an t-sean chailleach.
Dubhairt sé léithe ubhall a cheannacht acht dubhairt sise nach gceannochaidh. "Blas de seo go bfeicfidh ú chomh milis is tá sé ar seisean. Thóg sí ceann agus bhlas sí dhe. Ar an noimead thuit sí sa gcladach le meadhcan an dá adairc a bhí uirthí. Leig as seo mé agus tuibhraidh mé céad míle púnt dhuit. "As sin ní corruigheochaidh tú go dtuibhraidh tú croidhe mo éinín dhom arsa Seán. Níor mhaith leíthe é thabhairt dhó acht bhí dá plucadh agus thug sí dhó acht i leigint as. Nuair a fuair sé croidhe an éinín d'fág sé annsin í agus chuaidh sé go dtí an caisleán. Chuaidh sé suad an caisleán agus thug sé ceann de na h-ubhla glasa dá mhnaoi a raibh a cloigeann amach ar an bfuinneoíg agus thuit an dá adairc dhí agus cuadar síos san talamh agus rinne siad dá phier geata ar aghaidh dorais an caisleáin.
Chruinnigh sé sgata fear agus chaith siad an t-sean chailleach amach sa bfairrge agus mhair sé féin agus a bhean saidbhir sasta in a dhiaidh sin.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Liodain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe