Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug a bhullán leis. Ar chóirnéal an aonaigh seadh chuir sé gaoithe ann. Ba gearr annsin go dtainic ceannuightheóir go dtí é. D'fhíafruigh sé don ghaduidhe cé mhéad a bheadh sé íarraidh ar an mbullán. Dhá chéad púnt a deir an gaduidhe. Dimthigh an ceannuightheóir úaidh an turas seó. Bhí seacht nó ocht de sé pinghneacaí san mbullán aige. Chúile íarra bhúaileadh sé air thuiteadh trí sé phinghne amach as. Tháinic an ceannuightheóir go dtí é aríst agus d'fhiafruigh sé dhó cé mhéad a bhéadh sé iarradh. Rud céadhna arsa seisean. Ta tú ró-dhaor arsa an ceannuightheóir. Ó níl a deir sé mar tá nós ar leith ag baint leis sé sín ag breith sé phinghneachaí. Bhúail se búille den mhaide air agus rug an bullán trí sé pinghne. Níl agam a deir an ceannuightheóir ach 190 púnt. Tá sé ceart a deir an gaduidhe. Anois a deir an gaduidhe le na mháthair cen islighe bheatha is fearr ná gadúidheacht.
    San oidhche lár na aríst bhí an gaduidhe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Domhnaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe