Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“An féasta a bhí ar tslíatháin mhóir ¶ Deir go leór gur mhair sí seachtmhain”
An féasta a bhí ar tslíatháin mhóir Deir go leór gur mhair sí seachtmhain
Gine a deárnadh suas de'n ól,
Chúig phunt coróin a fuair an sagart,Ansiúd 'seadh scaipeadh súgh na heórna,
Fuisge pórtar aél is beatha,
Caran na sluagh ba samhain dóibh.
Tráth mbeithfidís ag ól ó oidhche go maidin,Bhí cuireadh ar bheag is ar mhór ann,
Ní raibh cuir na tóir ar luchr cótaí glasa,
Bainis spéineamhail,
Cuntar ceimúil,
Is gúna geala,
Bhí bord is fice lé raoibh a chéile
Fear is fice ar íarraidh ag freasral,
Toirín tae-pot is moran gnéidhthe bana is breaca,
Bhí seacht saigheas feóla bruidhte ar bhord ann,
Gléasta cóirighthe ós cómhair an tSagairt,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Máille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe