Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua

Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 479

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0073, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
  2. XML Leathanach 479
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Dia Máirt 'seadh a rinneadh mo chleamhnas, ¶ Mo chreach is faraor ghéar

    Dia Máirt 'seadh a rinneadh mo chleamhnas,
    Mo chreach is faraor ghéar,
    Mar rinne mé chómhairle mo mhúinntear.
    Agus is pairt mhór go m'aimhreas é,
    Tá mé pósta gan aimhreas,
    Is maise atá ar bheagán céill,
    S' dhá gcasfáidhe orm an sagart a phós mé,
    Bhrisfinn a cheann gan bhréigh
    II
    Níl sé acht anuraidh óphís mé,
    Agus is fuide liom lá ná blíadhain,
    Níl dúil in imirt ná in ól, agam.
    Ná aon chleas dhár mhealladh duine aríamh,
    Acht ag breathnúghadh ar an ngiobóg gan fuinne,
    A mharbhúigh s' a bhrúgh mo chéill,
    S' dhá gcasfaidhe orn an sagart a phós me.
    Bhrisfinn a cheánn gan bhréigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Fionntáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe