Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)glaodhadh súas ar fear na sgéalta. Chúadh seisean súas, níl aon sgéal agam a deir sé ach tá duine agam le cur imó-áit. Tá go maith a dubhairt. Chúaidh mac an tsean-fhir súas. Má táim-se ag dul ag innseacht sgéal adeir má lochtuigheann aon-dhuine is é a thíocfas sa teine in-áit m'athait. Bhí sé leagthúighthe amach ina dhlíghe.
Thosuigh sé ag innseacht an sgéil. Bhí garrdhaí breágh coirce agamsa. Chúaidh mé fhéin agus mé deribhshú agus mó mháthair dhá bhaint. Chúaidh mise sa gceann a bfuide ón teach. Ba gearr gur eirigh gíarrfaidh as an tom. Chaith mé an corán leis agus cá gcuirinn an corán i bhfostadh ach ina cheartí. Rith an girrfaidh treasna an choirce agus bhí mó mháthair roimhe. Rith sé aríst agus bhí mó dreifúr roimhe. Rith sé an treas úair agus bhí mé féin roimhe. Chonnigh sé air mar sin nó go raibh an garrdha coirce uilig bainte aige.
Lár na bháireach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Domhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe