Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 366
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha cluiche a bhíonn's againn ins an áit seo. Bíonn muid ag cur "tip" ins an áit seo gach lá. Bíonn muid ag déanamh sagairtíní agus ag déanamh dáthanna agus ag cur tíghthe freisin. Bíonn muid cruinnuighthe timceall ar an teine ins na tíghthe chuile oidhche ag cur tighthe. Sé an chaoi a gcuirtear na tíghthe teach a fhághail amach agus ainmneacha na ndaoine atá ina gcómhnuidhe ann a chur. Annsin bíonn chuile duine ag cuimhneach ar theach agus an chéad dhuine a fághann an teach is leis fhéin teach a chur. Sé an chaoi a ndeanann siad na sagairtíní.
Fághann siad amach beirt bhan agus ghloidheann siad ar gasúr éicínt agus fiafruigheann siad dhe cé acha de'n bheirt is fearr leis. Cuireann duine acha ar a thaobh féin é agus bíonn siad mar sin go mbíonn sgór ar gach taobh. Tosuigheann siad ag tarraingt a chéile agus cé ar bith acha is feárr sin é an duine is feárr de na mná. Sé an chaoi a ndéanann siad an tip. Buille do bhualadh ar dhuine de na gasúr agus rith uaidh. Ritheann seisean in do dhíaidh agus má thagann sé suas leat buaileann seisean buile eile ort. Bíonn cluiche eile againn freisin ag déanamh folach. Cromann duine de na gasúir agus téigheann duine eile i bhfolach air agus bíonn an duine eile dhá cuartughadh. Nuair a fhághann sé thú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Corraidhín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14