Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chaitheadar beirt an oidhche annsin ag filídheacht Maidin lá ar na bháireach nuair d'éirigheadar d'fhiafruigh mac an ríogh don t-sean-fhear "Céard a racaidh sé a dheanamh indiú.
"Féach an loch sin sios. Chaill mo mháthair fáine sa loch sn agus faigh é". "Dona go leor" ar san mac a' ríogh Chuaidh sé amach agus thug sé leis a bhuicéad go gcaithfidh sé amach an t-uisge as an loch agus go bhfuigh(ea)idh sé an fáinne. Chaith sé amach buiséad acht tháinic seacht mbuicéad in aghaidh. Bh sé i sáinn go dtáinic inghean an ríogh amach le na dhinnéar aige.
Seadh "! ar sise. " Cé mar tá tú ag déanamh "?. "Go dona" ar seisean. "Seo " ar sise" ith do dhinnéar agus beidh mise ag caitheamh buicéid amach go mbeidh do dhinnéar ithte agad ". Shuidg sé sios ag ithte a dhinnéir. Rug sise ar an mbuicéad agus an chéad bhuicéad a chaith sí amach dar bhfíadh fuair sí an fáinne. "Seo" ar sise ach ar a bhfaca tú ariamh ná scaoil gur mise a fuair é" 'Ó. !" ar seisean "Cén chainnt sin ort. tuige go ndéanfainn". "Bhoil" ar sise "má bhriseann d'fhocal caillfimid an bheirt ár gcloignibh" "Man am gur fíor dhuit" ar seisean "acht diabhal baoghal orm" .(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meleachlán Mac Gairbhín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Corraidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe