Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhios aige go raibh sé fhéin cáillte. Rinne Tuathal amhlaidh mar shíl sé gur cleas a bhí sé le déanamh agus nach raibh baoghal ar bith go marbhóchadh sé é. Tharraingt Conán a chlaidheamh annsin agus mharbhuigh sé i n-éinfeacht Tuathal. Ní raibh fhios aige beo annsin céard a dhéanfadh sé nuair a bhí Tuathal marbh agus an uaigh chaoighe an dorcha agus bhuail faitchíos é ach rinne sé ar theach an Ríogh. Nuair a tháinig sé go dtí teach an Ríogh bhí Fionn agus na Fianna ann roimhe agus ní raibh aon duine i dTír Lochlann nach raibh timcheall ar theach an Ríogh agus a gcuid arm aca leis na Fianna a mharbhú. Bhí biorr mór fada géar ag Conán agus thosuigh sé ag piocadh na súile as na Lochlannaigh agus thosuigh an troid agus an marbhú. Nuair a tharrnuigheadh Gholl Mach Móirne a chlaidheamh agus nuair a thosuigheadh sé ag marbhú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Chonaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe