Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 353

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 353

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 353
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal
    Bhí bean agus fear ann fadó. Sé an t-ainm a bhí ortha Nóra agus Domhnall agus ní raibh duine ar bith sa teach acht iad fhéin. Bhí cat agus luch ann freisin. Chuir Nóra síos pota leite. Nuair a bhí sé bruithte dubhairt Nóra le Domhnall breathnú amach go bfeicfeadh sé an raibh aon duine ag teacht. Breathnuigh Domhnall amach agus céard a d'feicfeadh sé ach cailleach mhór ag teacht.
    Chuaidh 'chuile rud i bhpolach. Cuaidh an luch 'san bpoll agus chuaidh an cat i bhpolach agus chuaidh siad fhéin ar an lota. Tháinig an chailleach isteach agus d'ith sí a dóthain. Dubhairt Domhnall léithe imtheacht agus gan an méid sin a ithe. Dubhairt an chailleach leis breathnú anuas agus bhreathnuigh. Bhuail sí bos ar a chúl agus chaith sí síos sa mála é. D'imthigh léithe agus thug sí léithe Domhnall sa mála. Nuair a bhí sé ag dul thar gháirdín dubhairt sé "ní dheacha mo mháthair-sé thar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Conaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gairfean, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Gairfean, Co. na Gaillimhe