Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 348
- XML “Each Uisce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'chuile maidin 'na dhiaidh sin. Faoi cheann seachtmhaine go díreach tháinic sé aríst. Bhí Tomás ag faire cois claidhe agus adhastar ina láimh aige. Níor theasbáin sé é fhéin agus tháinic an t-each suas an ghar dhó. Chaith sé an t-adhastar ar a chloigeann agus fuair sé greim air. Thosuigh an t-each ag léimneach. Thar éis tamaill shuaimhnigh an cappall agus thug Tomás abhaile é agus chuir sé isteach sa sgioból é agus thug sé féar dó. Faoi cheann tamaill bhí sé socair agus ciúin agus dubhairt sé leis féin go bhféadfadh sé é chur ag obair. D'oibrigh sé an tsásta dhó. Níor thug sé i ngar do'n loch é go ceann tamaill. Ar deireadh shíl sé nach n-iarrfadh sé imtheacht uaidh níos mó agus thug sé ag obair i n-aice an locha é. Nuair bhí siad i ngar do'n loch thosuigh an t-each ag seitreach go h-árd agus rith sé go dtí an loch agus Tomás ar a dhruim. Ní raibh sé i ndon é a choinneál siar agus nuair shíl(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Treasa Ní Máille
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44