Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 343

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 343

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 343
  3. XML “Pota Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sean fhear san gceanntar seo agus bhí sé ráidhte go raibh go leor airgid aige. Bhí beirt mhac agus inghean aige. Bhí an sean-fhear go cruaidh agus bhíodh sé ag obair go santach. Ní chuireadh sé leath-phinghinn ná pinghinn amúgha. Bhíodh sé ag saothrú i gcomhnaidhe. Nuair a bhí sé ag fágháil bháis d’iarr duine dhá chloinn an t-airgead air agus dubhairt an t-athair gur chaill sé é fadó an lá nuair a bhí sé ar aonach agus é ar meisge.
    An oidhche roimh an mbás, bhí trom-chodladh air agus chonaic a mhac Seán é ag dul go dtí na rataí ag leagaint a láimh ar an airgead. Séamus an t-ainm a bhí ar an mac eile a d’iarr an t-airgead air. Bhí faitchíos air go mbéadh Seán ag iarraidh leath den airgead agus níor bhac sé leis an airgead go ceann sgathaimh. Cailleadh Séamus bliadhain ina dhiaidh sin. ‘Sé an bás a fuair sé, báthadh é agus níor
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Grialluis
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gairfean, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádraig Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    35
    Seoladh
    Gairfean, Co. na Gaillimhe