Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 339
- XML “Pota Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an meid airgid atá agat "Cé aige ar chuala tú go (mbeadh) raibh airgead agam-sa?" adéir Malsh. "Chuala mé é" ar adeir an sean-bhean. Is beag nach ndeachaidh an bheirt ag lorgadh a chéile fpi' faoin airgead. Ach mise i mbannaí nach ndeachaidh sí ag cuartú déirce arís. 'Sé dubhairt an tsean-bhean léithe. "Is mairg mainrg a bhíonns go holc is go bocht ina dhiaidh. 'Sé'n caoí a chuala an tsean bhean é, Bhí sí oidhche ina codladh leite agus bhí sí ag brionglóidigh ar an gcrota óir a bhí ar cúl an tíghe" Is gearr gur cailleadh (Mal) Malsh. 'Sé dubhairt sí le na col-ceathair. "Tabhair leat an pota óir ará sa sgioból". Nuair a bhí sí curta chuaidh sí ag cuartú an óir. Fuair sé an t-ór agus thug sé do sagart é agus ní fhaca sé aon piginn de. Bhí fhios ag an sean-bhean go raibh an th-'or ar cúl an crainn cuilinn. D'innis sí do triúr (l) fear óg é. Thosaigh siad ag cuartú an óir. Is gcearr go bhfaca siad easgon agus is beag nach sluig sí duine aca. Bhí cailleach san Aírd Mór' agus bhí fios aice. 'Séard dubairt sí leis an truír fear óg cat dubh bliadhna a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Darach Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe