Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Talmhaí, Táilliúr agus Gréasaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. [Seán Ó Máille, Camus Uachtair, Casla Co na Gaillimhe a d'innis na sgéalta sel ar leanas. Tá trí sgóir agus cúig bliadhna slánuighthe aige is chuals sé féin na sgéalta 'na óige cois na teineadh ó shean-uncal leis a bhí in aon-teach leis.]
    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr fear ag tigheacht ag breathnughadh uirthi, Talmhaidhe, Táilliúr agus Greasaidhe. Ní raibh a fhios aici annsin cé acu a b'fhearr dí a phósadh. Bhíodh an táilliúr agus an gréasaidhe an gléasta acht ní bhíodh ar an talmhaidhe acht gioblachai stróichthe. Lá amháin chuir an bhean sean-éádaigh uirthi féin agus d'imthigh léithe a iarraidh an cheist a réidhteach.
    Tháinic sí isteach i dteach an ghréasaidhe agus leig sí uirthi féin gur bean shiubhail a bhí inntí. Ní raibh sa teach roimpí acht sean bhean agus d'iarr sí lóisdín na h-oidhche uirthi. Fuair sí sin agus fáilte. Thosuigh bean an tighe ag innseacht dhi go raibh mac aicí is go raibh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán O Máille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe